Tionscnamh Fáilte ar Line

Is tionscadal é Fáilte ar Líne a bhfuil mar bhunaidhm aige cúrsaí ar líne faoin nGaeilge agus faoi chultúr na hÉireann a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí (glantosaitheoirí) timpeall na cruinne.

Na mórspriocanna atá ann:

  • Clár iomlán ar líne a fhorbairt de réir a chéile
  • Foghlaimeoirí a spreagadh le cuairt a thabhairt ar Éirinn agus ar na Gaeltachtaí
  • Obair i gcomhpháirt le hinstitiúidí idirnáisiúnta eile

Páirtnéirí an tionscadail:

Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus tá tacaíocht ag an tionscadal ón gCrannchur Náisiúnta fosta.

Féach ar fhíseán gairid ó Irish 104

Cuidigh Linn

Bímid i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar an taithí foghlama a bhaineann le cúrsaí de chuid Fáilte ar Líne. Chuige sin, ba mhór againn cabhair a fháil ónár gcuid foghlaimeoirí.

Déan teagmháil le Conchúr Mac Lochlainn agus b'fhéidir go mbeidh tú in ann cabhrú linn feabhas a chur ar ár gcúrsaí.

Conchúr Mac Lochlainn